1768
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
https://www.dublincity.ie/
Lánaimseartha
24/04/2026
Baile Átha Cliath
14/05/2026 15:00
Príomhoifigeach Dóiteáin
Buan
Údarás Áitiúil
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tá an Príomhoifigeach Dóiteáin i gceannas ar fhoireann bhainistíochta na seirbhísí dóiteáin agus éigeandála agus tá siad freagrach as gach gné de na seirbhísí dóiteáin, tarrthála, otharcharr éigeandála agus coisc dóiteáin a chuireann siad ar fáil a sholáthar. Ní mór don Phríomhoifigeach Dóiteáin cumas a léiriú maidir le cinnteoireacht straitéiseach, ceannaireacht, scileanna eagrúcháin, agus tiomantas agus díograis mar gheall ar chastacht agus ar scála na seirbhísí dóiteáin agus éigeandála chomh maith leis na héilimh atá ann ar phráinnfhreagairt ar ardchaighdeán. Tá an Príomhoifigeach Dóiteáin freagrach go díreach as soláthar seirbhíse, bainistíocht ghinearálta agus pleanáil agus bainistíocht ar athrú sa tseirbhís.
Tá cur síos/achoimre iomlán ar an bpost ar fáil sa Leabhrán Eolais.
Planning, directing, organising and managing the FES in accordance with the policies of the four Dublin Local Authorities including the development and application of a risk-based process for the determination of appropriate levels of fire and other emergency service cover.
Driving the FES reform programme with a view to ensuring full and timely implementation of required reforms.
Managing and motivating staff by fostering good employee/management relations and by the use of modern human resources and industrial relations policies, including staff placement, training and development, career progression, grievance and disciplinary policy, communications and active participation in the Partnership process.
Overseeing the health, safety and welfare of the FES workplace, in accordance with the City Council’s safety statements and health and safety legislation.
A full list of main duties is available in the Information Booklet.
Príomhchathair idirnáisiúnta is ea Baile Átha Cliath agus is lárionad eacnamaíochta é don cheantar agus don Stát. Tá ról tábhachtach ar leith ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i réimse an rialtais áitiúil: is í an Chomhairle an t-údarás áitiúil is mó in Éirinn, tá 63 Bhall Thofa uirthi a dhéanann ionadaíocht do agus a fhreastalaíonn ar 588,000 duine i gceantar na cathrach. Tá ról lárnach ag an gComhairle maidir le seirbhísí a chur ar fáil do thart ar 1.5 mhilliún duine i gCeantar Bhaile Átha Cliath, agus maidir lena chinntiú gur féidir leis an gcathair fáilte a chur roimh agus tacaíocht a thabhairt do líon mór cuairteoirí gach lá i réimse na fostaíochta, an ghnó, na fóillíochta agus na turasóireachta.
Tá ról lárnach ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath maidir le fís straitéiseach do Bhaile Átha Cliath mar chathair dhinimiciúil agus inbhuanaithe a chur le chéile agus a stiúradh agus déanann sí iarracht leanúnach cur le mealltacht na cathrach mar ionad infheistíochta, mar áit oibre, mar áit chónaithe agus mar áit chun cuairt a thabhairt uirthi.
Tá folúntas anois do Phríomhoifigeach Dóiteáin i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Scála Tuarastail, i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2026:
€99,520 - €103,214 - €106,902 - €110,594 - €114,283 - €118,165 - €122,043
Beidh na huaireanta freastail de réir mar a shocraítear iad ó am go ham agus ní bheidh siad níos lú ná 35 huaire an chloig san iomlán in aghaidh na seachtaine.
Ceadaítear 30 lá mar shaoire sa bhliain sa phost mar Príomhoifigeach Dóiteáin.
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin.
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe.
Is fostóirí comhdheiseanna iad na húdaráis áitiúla.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.