6783
An tAire Sláinte
https://www.dentalhospital.ie/
30/06/2026
Baile Átha Cliath
04/08/2026 15:00
Státseirbhís
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Tá an tAire Sláinte ag lorg iarratas ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu chun folúntais do Ghnáthbhaill ar Bhord Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath a líonadh.
Próifíl 1: Cliniciúil
RiachtanachNí mór d’iarrthóirí a léiriú ina n-iarratas go bhfuil taithí acu, ag leibhéal sinsearach cuí, ar an réimse seo a leanas:• Taithí chliniciúil agus speisialtacht san fhiaclóireacht agus/nó sna heolaíochtaí sláinte in earnáil cúraim sláinte na hÉireann.
Inmhianaithe
Tá sé inmhianaithe chomh maith go léiríonn iarrthóirí go bhfuil taithí acu ar na réimsí seo a leanas:• Taithí mar bhall de bhord.• Eolas /Taithí ar chúram sláinte san earnáil poiblí agus/nó ar thimpeallachtaí oideachais i réimse na n-eolaíochtaí sláinte.
Próifíl 2: Tionscadail Chaipitil/Soláthar
RiachtanachNí mór d’iarrthóirí a léiriú ina n-iarratas go bhfuil taithí acu, ag leibhéal sinsearach cuí, ar na réimsí seo a leanas:Eolas/Taithí, ag leibhéal sinsearach bainistíochta, ar phleanáil agus cur i gcrích tionscadal caipitil agus/nó soláthar san earnáil poiblí.
Tá sé inmhianaithe chomh maith go léiríonn iarrthóirí go bhfuil taithí acu ar na réimsí seo a leanas:• Taithí mar bhall de bhord• Taithí ar thimpeallacht rialála ábhartha • Cáilíocht i Soláthar nó i mBainistíocht Tionscadal.
Dáta Deiridh: 15:00 Dé Máirt an 28 Iúil 2026
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.