828
An Coimisiún Pleanála
https://www.pleanala.ie
30/01/2026
Baile Átha Cliath
19/02/2026 15:00
Leas-Choimisinéir
Téarma Seasta
Earnáil Phoiblí
Is ceapachán feidhmiúcháin lánaimseartha ar feadh téarma oifige cúig bliana é post an Leas-Phríomhchoimisinéara Pleanála. Tuairisceoidh an duine a cheapfar mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála go díreach don Phríomh-Choimisinéir Pleanála. Beidh an Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála freagrach as gnáthfheidhmíocht laethúil na gCoimisinéirí Pleanála a fhormhaoirsiú agus a threorú chun a chinntiú go soláthróidh siad cinntí láidre tráthúla ardchaighdeáin atá fónta ó thaobh an dlí de ar an gcásobair ar fad, i.e., achomhairc phleanála, iarratais dhíreacha agus cineálacha eile cásanna i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir atá i gceist.
Gníomhóidh an Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála i gcomhar leis an bPríomh-Choimisinéir Pleanála agus leis na Coimisinéirí Pleanála chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Maidir leis an iarrthóir is fearr:
Critéir Bhunriachtanacha:
Beifear ag súil leis go léireoidh iarratasóirí go bhfuil acu an mórchumas ceannaireachta, an taithí agus na luachanna láidre earnála poiblí is gá chun ról an Leas-Phríomhchoimisinéara Pleanála a chomhlíonadh. Beifear ag súil leis freisin go mbeidh dea-eolas agus dea-thuiscint acu ar na prionsabail um dhea-phleanáil agus um fhorbairt inchothaithe, ar chosaint an chomhshaoil agus ar an gcomhthéacs náisiúnta agus Eorpach beartais pleanála agus ar an gcreat reachtach náisiúnta agus Eorpach ar laistigh díobh a oibríonn an Coimisiún Pleanála.
I gcomhréir le halt 506 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, ba cheart don iarrthóir is fearr don phost taithí shásúil, nó meascán sásúil de thaithí agus d’eolas, a bheith aige nó aici ar cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
Is féidir mionsonraí iomlána a fháil sa leabhrán faisnéise
Imríonn an Coimisiún Pleanála ról ríthábhachtach i gcóras pleanála na hÉireann, agus tá ról garbhreithiúnach aige maidir le cinneadh a dhéanamh ar achomhairc in aghaidh cinntí pleanála ó údaráis áitiúla, ar iarratais dhíreacha ar bhonneagar straitéiseach agus ar chatagóirí eile forbartha. Is é an sainordú atá aige cinntí pleanála láidre a sholáthar i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an limistéir laistigh d’amlínte sonraithe/éigeantacha, agus aird á tabhairt an tráth céanna ar phrionsabail na trédhearcachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais.
Is é an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe ná 3 p.m. Déardaoin an 19 Feabhra 2026.
Má cheapann tú go mbainfeá tairbhe as plé rúnda faoin deis seo, déan teagmháil le Eimear O’Connor trí ríomhphost a sheoladh chuig eimear.oconnor@publicjobs.ie.
Táimid tiomanta do bheartas comhdheise a leanúint, agus spreagaimid iarratais faoi gach ceann de na naoi bhforas den Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.