1823
Comhairle Contae Mhaigh Eo
https://www.mayo.ie
Lánaimseartha
24/04/2026
Maigh Eo
14/05/2026 15:00
Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin
Buan
Údarás Áitiúil
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Beidh an tInnealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin freagrach as na baill foirne agus as clár oibre na stiúrthóireachtaí/na rannóga agus na feidhme a bheidh leagtha orthu a bhainistiú go héifeachtach. Oibríonn bainisteoirí ag an leibhéal seo laistigh de theorainneacha a bhaineann leis an bpost de réir fhís agus spriocanna an Údaráis Áitiúil, de réir mar a leagtar amach ina Phlean Corparáideach, agus feidhmíonn an ról i stiúrthóireachtaí éagsúla. Tá sé fíorthábhachtach seirbhísí a sholáthar go héifeachtach agus luach ar airgead a bhaint amach. Beidh an tInnealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin i gceannas ar fhoireann nó ar fhoirne agus tabharfaidh siad tacaíocht theicniúil agus bhainistíochta i ngach réimse seirbhíse an údaráis áitiúil agus beidh orthu a bheith i dteagmháil le gníomhaireachtaí seachtracha agus cabhrú leis an bpróiseas daonlathach. Beidh ar an Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin a bheith ag obair go dlúth leis an bhFoireann Bhainistíochta Shinsearach agus le Baill Thofa, leis an réimse iomlán seirbhísí a chur ar fáil, le cinntí beartais áitiúla a chur i bhfeidhm agus le spriocanna straitéiseacha corparáideacha a bhaint amach, de réir threoir bheartais ghinearálta na Comhairle tofa ag leibhéal na Comhairle agus ag leibhéal an Cheantair Bhardasaigh. Is féidir go mbeidh orthu ionadaíocht a dhéanamh don Innealtóir Sinsearach chomh maith.
Tá cur síos/achoimre iomlán ar an bpost ar fáil sa Leabhrán Eolais.
Cláir agus tionscadail a chur i bhfeidhm i ngach réimse seirbhíse.
Maoirseacht agus riarachán conartha ar thógáil / oibríochtaí / oibreacha.
Oibriú go héifeachtach le comhghleacaithe le seirbhísí a chur ar fáil, mar bhall d’fhoireann ildisciplíneach go minic.
Comhoibriú agus teagmháil a dhéanamh le foirne eile san eagraíocht chun spriocanna corparáideacha a bhaint amach.
Comhoibriú agus teagmháil a dhéanamh, trí obair thras-disciplíneach, le soláthar ar son ár bpobail, a bheith nuálach i dtaca le todhchaí an rialtais áitiúil agus forbairt a dhéanamh ar na daoine san eagraíocht.
Tá liosta iomlán na bpríomhdhualgas ar fáil sa Leabhrán Eolais.
Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcroílár an phobail áitiúil agus cuireann sí go mór le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta i Maigh Eo.
Mar cheannaire daonlathach an Chontae, déanann muid ionadaíocht do dhaoine agus cuireann muid seirbhísí poiblí fíorthábhachtacha ar fáil do dhaonra de níos mó ná 137,970 saoránach i réimse na tithíochta, an iompair bhóithre, na pleanála, an chomhshaoil, na forbartha eacnamaíochta agus pobail, na turasóireachta, na leabharlann, na ndóiteán agus na freagartha éigeandála, na bpáirceanna, na n-áiseanna, na hoidhreachta, agus na n-ealaíon.
Tá 30 Comhairleoir i gComhairle Contae Mhaigh Eo i gceithre Cheantar Bhardasacha agus tá buiséad ioncaim de €219m aici don bhliain 2026. Tá 1,200 fostaí againn agus cuireann muid réimse de dheiseanna gairme iontacha ar fáil d’iarrthóirí a bhfuil suim acu a bheith ag obair sa tseirbhís phoiblí, inár gceanncheathrú i gCaisleán an Bharraigh agus in oifigí ceantair éagsúla ar fud an Chontae.
Tá folúntas anois i gComhairle Contae Mhaigh Eo d’Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin.
Scála Tuarastail, i bhfeidhm ón 1 Feabhra 2026:
€79,881, €82,330, €83,503, €85,968, €88,454, €90,933, €93,430, €96,567 LSI (after 3 years satisfactory service at maximum) €99,695 LSI II (after 6 years satisfactory service at maximum).
Beidh na huaireanta freastail de réir mar a shocraítear iad ó am go ham agus ní bheidh siad níos lú ná 35 huaire an chloig san iomlán in aghaidh na seachtaine.
Ceadaítear 30 lá mar shaoire sa bhliain sa phost mar Innealtóir Sinsearach Feidhmiúcháin.
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin.
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe.
Is fostóirí comhdheiseanna iad na húdaráis áitiúla.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.