9209
Státseirbhís
https://www.gov.ie/en/
Lánaimseartha
30/09/2026
Baile Átha Cliath
15/10/2026 15:00
Ardoifigeach Feidhmiúcháin
Buan
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Na Speisialtóirí Sinsearacha TFC i réimse an Infreastruchtúir agus na nOibríochtaí a earcófar ón gcomórtas seo, beidh baint dhíreach acu le réimse straitéisí de chuid an Rialtais a chur i bhfeidhm laistigh de na heagraíochtaí ina gceapfar iad. Is deis iontach í seo a bheith páirteach i bhfoireann atá ag baint aidhmeanna na hÉireann amach maidir le bheith ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí digiteacha, agus atá ag éascú rannpháirtíocht dhigiteach leis an Stát do ghnólachtaí, do dhaoine den phobal agus do sheirbhísigh phoiblí.
Beidh ról an-tábhachtach ag na hiarrthóirí a n-éireoidh leo i bhfoirne atá ag tógáil infreastruchtúr TFC agus atá ag soláthar seirbhísí TFC a úsáideann, ní hamháin comhghleacaithe ina n-eagraíochtaí, ach ina lán cásanna, daoine den phobal freisin. Seans go n-oibreoidh siad ar thionscadail a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo agus atá i mbéal an phobail freisin, amhail córais do na Coimisinéirí Ioncaim, tacaíochtaí leasa shóisialaigh, earnáil an agraibhia, imeachtaí saoil a chlárú, amhail breitheanna, póstaí agus básanna, an tairseach gov.ie agus réitigh chun spriocanna na hÉireann faoin scéim Deacáid Dhigiteach na hEorpa a bhaint amach.Féach an Leabhrán Eolais d’Iarrthóirí chun an t-eolas uilig a fháil faoin ról, lena n-áirítear na riachtanais cháilitheachta shonracha.
Tá os cionn 50,000 duine fostaithe sa Státseirbhís ar fud na tíre sna 18 Roinn Rialtais agus 20 Oifig agus gníomhaireacht Státseirbhíse eile. Is é an fhís atá againn soláthar seirbhíse ionchuimsitheach ar ardchaighdeán a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais mhuintir na hÉireann agus a chuireann feabhas ar a saol.
Líonfar folúntais ar fud na Státseirbhíse ón bpainéal a chuirfear le chéile de thoradh an chomórtais seo. Ba chóir d’iarrthóirí a thuiscint go mbeidh an chuid is mó de na folúntais i mBaile Átha Cliath.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.