9208
An Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce
https://www.gov.ie/en/department-of-justice-home-affairs-and-migration/?referer=https://www.justice.ie/
Lánaimseartha
25/09/2026
Baile Átha Cliath
15/10/2026 15:00
Bainisteoir Sinsearach
Téarma Seasta
Státseirbhís
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Is é an príomhchúram atá ar Oifig an Phaiteolaí Stáit ná scrúduithe iarbháis a dhéanamh i gcásanna nuair a fhaigheann duine bás go tobann gan mhíniú, nó i gcásanna amhrasacha nó coiriúla. Bíonn cuairt ar láthair na coire i gceist le thart ar 5-10% de chásanna. Sna cásanna sin, cuireann na paiteolaithe fóiréinseacha tuairisc iarbháis ar fáil don chróinéir ábhartha agus freastalaíonn siad ar an ionchoisne agus ar aon imeachtaí cúirte a thagann chun cinn de thoradh aon fhiosrúchán de chuid na nGardaí (fórsa póilíneachta na hÉireann) chun a sainthuairim a thabhairt.
Tá na dualgais seo a leanas, agus tuilleadh nach iad, i gceist le ról gach Paiteolaí Stáit: fianaise a thabhairt mar shainfhinné gairmiúil in aon chás coiriúil agus/nó ionchoisne Cróinéara de thairbhe aon bhás ina ndearnadh scrúdú iarbháis. Comhairle a thabhairt maidir le fiosrúchán báis fhóiréinseaigh agus aon cheisteanna dlí-liachta ábhartha eile a bhaineann leis an Roinn Dlí agus Cirt, le Cróinéirí agus/nó leis an nGarda Síochána.
Páirt a ghlacadh san uainchlár agus a bheith ar fáil chun bheith i láthair de réir mar is gá agus scrúdú iarbháis a dhéanamh ina dhiaidh sin.
Is deis ar leith é an ról seo chun scileanna luachmhara, cáilíochtaí idirnáisiúnta agus taithí ar an bpaiteolaíocht fhóiréinseach a fhorbairt. Beidh ar an gceapaí clár cuimsitheach oiliúna a chríochnú, lena n-áirítear oideachas foirmiúil (cáilíochtaí dioplóma foghlama cumaisc san áireamh), meantóireacht agus taithí phraiticiúil. Tuigtear go gcríochnóidh an ceapaí an oiliúint taobh istigh de dhá bhliain agus ansin déanfar Paiteolaí Stáit den duine sin.
Beidh ar an gceapaí ionadaíocht a dhéanamh don Phríomhphaiteolaí Stáit de réir mar is gá.
Táthar ag lorg iarratais ó chleachtóirí leighis atá cláraithe (mura bhfuiltear cáilithe go sealadach) ar Chlár Ginearálta na gCleachtóirí Leighis in Éirinn nó atá i dteideal a bheith cláraithe; agus a bhfuil na cáilíochtaí breise sonracha riachtanacha acu mar atá leagtha amach sa Leabhrán Eolais a bhaineann leis an bhfeachtas seo.
Ní mór d’iarrthóirí a léiriú go bhfuil na nithe seo a leanas acu:
Bunaíodh Oifig an Phaiteolaí Stáit in 1975 agus is gníomhaireacht é atá faoi choimirce na Roinne Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce. Tugann an Oifig sainchomhairle neamhspleách maidir le gach gné a bhaineann le paiteolaíocht fhóiréinseach agus cuireann sí seirbhís ar fáil 24/7 ó cheann ceann na bliana ar fud Phoblacht na hÉireann.
Tá an Oifig an Phaiteolaí Stáit lonnaithe i bhfoirgneamh nua-aimseartha a bhfuil acmhainní cearta curtha ar fáil lena aghaidh, agus tá sé suite 10 nóiméad ó lárionad chathair Bhaile Átha Cliath ar Ascaill Uí Ghríofa.
Is post de chuid an Choimisiúin um Cheapacháin Ardleibhéil é seo.
Tá tuilleadh eolais faoin deis shuntasach seo, lena n-áirítear eolas faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh le fáil ar www.publicjobs.ie
Is é 3i.n. Déardaoin an 15 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe.
Má cheapann tú go mbainfeá leas as plé rúnda le duine faoin ról seo, téigh i dteagmháil le Ciarán Oman ag ciaran.oman@publicjobs.ie
Táimid tiomanta do dheiseanna comhionannais agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.