9155
An Roinn Coimirce Sóisialaí
https://myfuturefund.ie/
Lánaimseartha
09/10/2026
Dún na nGall
Litir Ceanainn
29/10/2026 15:00
Príomhoifigeach Cúnta
Buan
Státseirbhís
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Tá Bainisteoir Riosca ag leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta á lorg ag an Údarás Náisiúnta um Uathrollú Coigiltis Scoir (ÚNUCS) anois. Is deis iontach ar leith é seo do dhuine gairmiúil uaillmhianach ag a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí cuí.
Beidh an Bainisteoir Riosca freagrach don Phríomhoifigeach Comhlíonta agus Riosca. Cuirfidh an té a cheapfar maoirseacht, ceistiú agus dearbhú oibiachtúil ar fáil ar fud na socruithe infheistíochta, airgeadais, oibríochta agus rialachais de chuid ÚNUCS agus MyFutureFund, agus ar fud na gcreataí bainistíochta riosca a bhaineann leo.Féach an Leabhrán Eolais d’Iarrthóirí chun an t-eolas uilig a fháil faoin ról, lena n-áirítear na riachtanais cháilitheachta shonracha.
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é ÚNUCS a bunaíodh le déanaí faoi choimirce na Roinne Coimirce Sóisialaí. Is é cuspóir ÚNUCS ná an scéim coigiltis scoir náisiúnta a reáchtáil, ar a dtugtar 'MyFutureFund'.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.