8968
An Roinn Sláinte
https://www.health.gov.ie/
Lánaimseartha
18/09/2026
Baile Átha Cliath
08/10/2026 15:00
Rúnaí Cúnta
Buan
Státseirbhís
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Cuirfidh an Rúnaí Cúnta - Bonneagar Sláinte ceannaireacht straitéiseach ar fáil d maidir le pleanáil, rialachas agus soláthair i dtaca le bonneagar sláinte an Stáit, infheistíocht chaipitil agus i dtaca leis an gclár oibre sláinte digití. Tá an sealbhóir poist freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Caipitil Sláinte, agus as socruithe láidre measúnaithe, dearbhaithe agus soláthair a chinntiú le haghaidh infheistíochtaí móra bonneagair agus Digiteacha/TFC, de réir beartais an Rialtais, an Phlean Forbartha Náisiúnta agus na dTreoirlínte Bonneagair.
Beidh an sealbhóir poist i gceannas ar bhonneagar caipitil sláinte agus tionscnaimh sláinte digití a thacaíonn le hathchóiriú na Seirbhíse Sláinte a fhorbairt, lena n-áirítear maoirseacht ar Oifig Cláir Sláintecare agus rannpháirtíocht le FSS agus páirtithe leasmhara tábhachtacha eile a dhéanamh chun claochlú an chórais agus soláthar feabhsaithe cúraim sláinte a chur chun cinn. Beidh ar an té a cheapfar stiúir straitéiseach a thabhairt don Oifig Clárbhainistíochta Sláintecare, rud a bheidh lárnach chun athchóiriú a éascú. Agus an obair sin á dhéanamh, cinnteoidh an té a cheapfar go mbainfear pleananna soiléire forfheidhmithe, spriocanna inthomhaiste, rialachas láidir cláir agus soláthar éifeachtach traschórais as na tosaíochtaí athchóirithe.
Beifear ag súil go gcuirfidh an sealbhóir poist ardcheannaireacht ar fáil maidir le réimse suntasach tionscadal ag an leibhéal náisiúnta, tionscadail a bhaineann le hinfheistíocht agus athchóiriú, lena n-áirítear bonneagar fisiciúil a chomhtháthú, sláinte dhigiteach, sonraí, trealamh, inbhuanaitheacht agus an cumas tionscadail a chur i bhfeidhm. Sa ról seo, beidh comhoibriú i gceist leis an FSS, na Réigiúin Sláinte, an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, le Ranna Rialtais eile agus le comhpháirtithe soláthair chun a chinntiú go bhfuil cinntí infheistíochta bunaithe ar fhianaise, gur féidir iad a chur i bhfeidhm, go bhfuil siad cothrom ó thaobh na réigiúin de, agus go bhfuil siad dírithe ar shábháilteacht othar, ar chothromaíocht ó thaobh rochtain de, ar tháirgiúlacht, ar athléimneacht agus ar luach don phobal go fadtéarmach.
Chomh maith leis na hinniúlachtaí tábhachtaí a bhaineann le Rúnaithe Cúnta, beidh na tréithe seo a leanas ag teastáil ón té a cheapfar:
Tá sé mar aidhm ag an Roinn sláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a fheabhsú, trí thacú le daoine a bheith sláintiúil agus neamhspleách; a chinntiú go gcuirtear cúram sláinte agus cúram sóisialta ar ardchaighdeán agus sábháilte ar fáil; seirbhís sláinte agus cúraim shóisialta níos freagrúla, níos comhtháite atá dírithe ar an duine a chruthú; a chinntiú go ndéantar bainistíocht éifeachtach ar an tseirbhís sláinte agus cúraim shóisialta agus an luach ar airgead is fearr is féidir a bhaint as acmhainní an chórais sláinte. Tá clár athchóirithe uaillmhianach agus fairsing á sholáthar ag an Roinn faoi scáth Sláintecare, an plean deich mbliana don tseirbhís sláinte. Trí Sláintecare, tá réimse gníomhartha straitéiseacha á gcur chun cinn chun rochtain shábháilte thráthúil ar chúram a fheabhsú, chun sláinte agus folláine a chur chun cinn, agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannas sláinte.
Post leis an gCoimisiún um Cheapacháin Ardleibhéil atá i gceist.
Tá tuilleadh eolais faoin deis shuntasach seo, lena n-áirítear eolas faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh le fáil ar www.publicjobs.ie
Is é an dáta deireanach ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe ná 3i.n. ar an Déardaoin 8 Deireadh Fómhair 2026.
Má cheapann tú go mbeadh sé chun do leasa an deis seo a phlé go rúnda, téigh i dteagmháil le Ciarán Oman ag ciaran.oman@publicjobs.ie
Táimid tiomanta do dheiseanna comhionannais agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.