8881
Comhairle Contae Fhine Gall
https://www.fingal.ie/
Lánaimseartha
16/10/2026
Baile Átha Cliath
05/11/2026 15:00
Innealtóir Sinsearach
Buan
Údarás Áitiúil
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Beidh an tInnealtóir Sinsearach freagracht don Stiúrthóir Seirbhíse. Chomh maith leis sin, beidh an tInnealtóir Sinsearach freagrach as na stiúrthóireachtaí/an rannóg agus na feidhmeanna a thugtar don té sin a bhainistiú, a stiúradh agus a fhorbairt ar bhealach éifeachtach. Is ról ardbhainistíochta é seo agus oibríonn bainisteoirí ag an leibhéal seo laistigh de theorainneacha a bhaineann leis an bpost, de réir fhís agus spriocanna Chomhairle Contae Fhine Gall, de réir mar atá siad leagtha amach ina Plean Corparáideach. Tá sé fíorthábhachtach seirbhísí a sholáthar go héifeachtach agus luach ar airgead a fháil.
Beidh ar an Innealtóir Sinsearach a bheith ag obair go dlúth leis an bhFoireann Ardbhainistíochta, leis an gCathaoirleach agus le Baill Thofa, chun an réimse iomlán seirbhísí a chur ar fáil, chun cinntí beartais áitiúla a chur i bhfeidhm agus chun spriocanna straitéiseacha corparáideacha a bhaint amach, de réir threoir bheartais ghinearálta na comhairle tofa.
Possess a current unendorsed full driving licence (Category B) and/or have access to a vehicle as they may be required to travel in the course of their duties.
An ability to successfully work through the challenges of delivering a significant programme of capital investment in a designated Service area.
An ability to engage successfully with a wide range of stakeholders from different backgrounds and perspectives to deliver on the goal of significant capital investment in a designated Service area.
The management and supervision of staff, ensuring the development of such staff.
A full list of main duties is available in the Information Booklet.
Is áit chónaithe agus oibre, suíomh cuairte agus ionad gnó mealltach é Fine Gall. Achar 450 km2 atá sa chontae, a théann ó Bhaile Brigín sa tuaisceart, go Baile Bhlainséir san iarthar agus go Binn Éadair san oirthear. Aithnítear an ceantar mar gheall ar éagsúlacht a thírdhreacha agus mar gheall ar na patrúin lonnaithe atá le brath ann, mar gheall go bhfuil áiteanna tuaithe, uirbeacha agus fo-uirbeacha ann. Tá imeallbhord 88 km ann, trí inbhear mhóra cosanta agus gnáthóga réisc ghoirt agus 13 thrá mhóra.
Is ceann de phríomhfhostóirí an chontae í Comhairle Contae Fhine Gall, ina bhfuil thart ar 1,600 fostaí faoi láthair. Tá údarás ag an gComhairle réimse feidhmeanna agus seirbhísí a sholáthar agus is féidir iad a roinnt go ginearálta faoi na teidil seo a leanas: infreastruchtúr fisiciúil agus sóisialta a chur ar fáil, tithíocht, forbairt eacnamaíochta agus turasóireachta, forbairt phobail, fóillíocht agus áiseanna agus an creat rialála pleanála agus comhshaoil a bhainistiú. Faoin dlí, tá dualgas ar an gComhairle Contae ionadaíocht, stiúradh agus seirbhísí a sholáthar do phobail Fhine Gall.
Tá folúntas anois i gComhairle Contae Fhine Gall d’Innealtóir Sinsearach.
Scála Tuarastail i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026:
€93,698 – €95,995 – €98,283 – €100,582 – €102,874 – €105,177 – €108,641 LSI1 – €112,107 LSI2
Beidh na huaireanta freastail de réir mar a shocraítear iad ó am go ham agus ní bheidh siad níos lú ná 35 huaire an chloig san iomlán in aghaidh na seachtaine.
Ceadaítear 30 lá mar shaoire sa bhliain sa phost mar innealtoir sinsearach.
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin.
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe.
Is fostóirí comhdheiseanna iad na húdaráis áitiúla.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.