8759
Comhairle Contae Chiarraí
https://www.kerrycoco.ie/
Lánaimseartha
09/10/2026
Ciarraí
29/10/2026 15:00
Ailtire Sinsearach Feidhmiúcháin
Buan
Údarás Áitiúil
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Cuirfidh an tAiltire Sinsearach Feidhmiúcháin le dearadh, comhordú agus soláthar ríochtaí poiblí straitéiseacha, athghiniúna uirbí agus tionscadal taistil gníomhach atá á maoiniú ag an gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí agus ag cláir Taistil Ghníomhaigh Náisiúnta. Cinntíonn an ról seo go soláthraítear, de réir cuspóirí beartais náisiúnta, bonneagar na ríochta poiblí/taistil ghníomhaigh ar ardchaighdeán, agus tacaíonn an ról le fás dlúth, le gníomhú ar son na haeráide, le beogacht eacnamaíochta, agus le bóithre atá sábháilte, ionchuimsitheach.
Tá liosta iomlán de riachtanais an phoist le fáil sa Leabhrán Eolais.
Developing concept, detailed, and technical designs for public realm, streetscape, and urban landscape projects.
Supporting design led regeneration and development that delivers quality outcomes in terms of form and function for users.
Producing high quality drawings, specifications, schedules, and visual material.
Integrating placemaking, universal design, sustainability, climate resilience, and biodiversity principles.
A full list of main duties is available in the Information Booklet.
Is í Comhairle Contae Chiarraí an t-údarás atá freagrach as réimse an Rialtais Áitiúil i gContae Chiarraí. Tá ceanncheathrú na Comhairle suite in Áras an Chontae, Ráth Teas, Trá Lí, Contae Chiarraí, agus tá cúig Cheantar Bhardasacha ann [Ceantar Bardasach Thrá Lí, Ceantar Bardasach Chill Airne, Ceantar Bardasach Lios Tuathail, Ceantar Bardasach Neidín, Ceantar Bardasach Oileán Chiarraí-Chorca Dhuibhne]. Tá 33 bhall tofa ar Chomhairle Contae Chiarraí agus tá timpeall 1500 duine fostaithe inti.
Tá thart ar 156,500 duine ina gcónaí i gContae Chiarraí, ar contae é ina bhfuil 4,700 ciliméadar cearnach agus trí leithinis. Tá Comhairle Contae Chiarraí freagrach as an réimse iomlán seirbhísí rialtais áitiúil a sholáthar sa chontae. Is mian le Comhairle Contae Chiarraí cur leis an mealladh atá sa chontae mar áit le hinfheistiú, le hoibriú agus le cónaí ann, agus is í an chomhairle a stiúrann múnlú straitéiseach an chontae. Cuireann sí réimse ilchineálach seirbhísí, a bhíonn ag síorathrú, ar fáil ar fud limistéar geografach mór, lena n-áirítear tithíocht, gníomhú ar son na haeráide, pleanáil, forbairt, timpeallacht, bóithre agus trácht, agus seirbhísí fóillíochta, cultúir, forbartha eacnamaíochta agus pobail.
Tá folúntas ann anois i gComhairle Contae Chiarraí d’Ailtire Sinsearach Feidhmiúcháin.
Scála Tuarastail i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026:
€80,680 - €83,153 - €84,338 - €86,828 - €89,339 - €91,842 - €94,364 - €97,533 (LSI1) - €100.692 (LSI2)
Beidh na huaireanta freastail de réir mar a shocraítear iad ó am go ham agus ní bheidh siad níos lú ná 35 huaire an chloig san iomlán in aghaidh na seachtaine.
Ceadaítear 30 lá mar shaoire sa bhliain sa phost mar Ailtire Sinsearach Feidhmiúcháin.
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin.
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe.
Is fostóirí comhdheiseanna iad na húdaráis áitiúla.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.