8729
FSS An tIarthar & an tIarthuaisceart
https://www.hse.ie
10/09/2026
Gaillimh
Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, Ollscoil na Gaillimhe
08/10/2026 15:00
Buan
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Ollamh / Micribhitheolaí Comhairleach, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh ar feadh 18.5 n-uair an chloig sa tseachtain agus Ollscoil na Gaillimhe ar feadh 18.5 n-uair an chloig sa tseachtain
Is ceapachán é seo i Réigiún FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt faoi Chonradh na Lianna Comhairleacha - Cúram Sláinte Poiblí Amháin, 2023, de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Beidh an post ar dtús in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh ar feadh 18.5 n-uair an chloig sa tseachtain, agus in Ollscoil na Gaillimhe ar feadh 18.5 n-uair an chloig sa tseachtain. Is féidir go ndéanfar athstruchtúrú ar an bpost seo amach anseo chun atheagrú seirbhísí géarmhíochaine a éascú de réir samhlacha cliniciúla nua do sheirbhísí géarmhíochaine agus do sheirbhísí pobail. Tá sé tugtha faoi deara gur chóir an post a bheith ag teacht le riachtanais beartais sláinte náisiúnta, mar atá, Cláir Náisiúnta Chliniciúla FSS, lena n-áirítear gealltanas go mbainfear torthaí feidhmíochta ábhartha amach, agus cur i bhfeidhm beartais sláinte náisiúnta a éascú.
a) Cuairt a thabhairt ar aon ospidéal faoi bhainistíocht FSS, a bhfuil socrú déanta aige le FSS chun seirbhísí micribhitheolaíochta a sholáthar, ag amanna a shocrófar, agus chun comhairle a thabhairt agus obair fhoireann na saotharlainne in a leithéid d'ospidéal a stiúradh.
b) Tá na socruithe atá i bhfeidhm cheana féin, má tá, le hÚdaráis Ospidéil eile leagtha amach sa nóta mínithe atá ceangailte leis seo. Beidh aon socrú breise dá leithéid ag brath ar idirbheartaíocht agus ar shocrú leis an gceapaí.
c) Gníomhú mar is gá mar Scrúdaitheoir Micribhitheolaíochta le hanailís a dhéanamh ar uisce óil faoin Treoir ó Chomhairle na hEorpa 98/83/EC agus IR Uimh 493 de Rialacháin Uisce Óil na hEorpa 2000 agus chomh maith leis sin samplaí d’uisce snámha faoin Treoir ó Chomhairle na hEorpa 76/160/EEC ar “Chaighdeáin Uisce Snámha”.
d) Gníomhú, más gá, mar Scrúdaitheoir Micribhitheolaíochta do bhia agus bhainne, más cuí, faoi rialacháin ón AE faoi mar atá i bhfeidhm ag an am, faoi láthair (CE) Uimh 178/2002 agus (AE) uimh 882/2004.Tá tuilleadh eolais le fáil i Leabhrán Eolais an Iarrthóra
Tá 7 Lianna Comhairleacha (Coibhéis Lánaimseartha(CL)) sa tseirbhís Micribhitheolaíochta Cliniciúla in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh (OOG), a chuireann seirbhís 24/7 ar fáil – ceannaireacht agus rialachas saotharlainne, teagmháil chliniciúil, comhairle faoin chosc agus rialú ionfhabhtuithe agus maoirseacht fhrithmhiocróbach a thabhairt d’ospidéil dianchúraim – OOG, Ospidéal na hOllscoile, Portiuncula (OOP) agus Ospidéal na hOllscoile, Ros Comáin (OORC), mar aon le teagmháil chliniciúil le Dochtúirí Ginearálta agus comhghleacaithe i réimse na Sláinte Pobail agus Poiblí, de réir mar is gá, agus comhairle a thabhairt do na daoine sin freisin Beidh gealltanas 1.0 (CL) d'fhoireann IPC sa Phobal i gceist le ceann amháin de na poist seo; tá 0.5 (CL) d'OOP agus OORC i gceist le dhá cheann acu, agus tá 0.5 (CL) d'Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh (OOG) i gceist le dhá cheann acu (an post seo san áireamh).Cuireann an tsaotharlann Mhicribhitheolaíochta/Víreolaíochta réimse cuimsitheach seirbhísí ar fáil. Tá an phríomhshaotharlann suite in OOG agus cuireann sí seirbhísí diagnóiseacha agus diagnóiseacha móilíneacha ar fáil d’othair chónaitheacha san ospidéal agus do rannóga Sláinte Ceirde in OOG, OOP agus OORC, mar aon le seirbhísí atá lonnaithe sa phobal i gceantar na Gaillimhe/Ros Comáin, lena n-áirítear seirbhísí príomhchúraim agus saoráidí cúraim chónaithe. Cuireann an tsaotharlann seo seirbhísí diagnóiseacha speisialtachta ar fáil d’ospidéil eile i Réigiún FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt chomh maith, lena n-áirítear seirbhísí míceabhaictéarach (Eitinn) don Ghrúpa. Tá tuilleadh eolais le fáil i Leabhrán Eolais an Iarrthóra
Tá an tuarastal bliantúil leagtha amach i gConradh na Lianna Comhairleacha - Cúram Sláinte Poiblí Amháin, 2023. Scálaí Tuarastail d'Ollamh Acadúil, i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026:€292,798 €308,637 €325,330 €334,129 €342,928 €351,728Tugtar creidiúint incriminteach maidir le taithí roimhe seo ag leibhéal an Chomhairligh. Pro Rata de réir mar is cuí: Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh (18.5 n-uair an chloig sa tseachtain) agus Ollscoil na Gaillimhe (18.5 n-uair an chloig sa tseachtain)
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe
Is fostóir comhdheiseanna é FSS
Dr. Deirbhile Keady
Consultant Microbiologist, Galway University Hospital
Deirbhile.keady@hse.ie
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.