8410
Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais
https://www.gov.ie/en/
Lánaimseartha
02/10/2026
Baile Átha Cliath
22/10/2026 15:00
Príomhoifigeach Cúnta
Buan
Státseirbhís
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Beidh baint dhíreach ag na Bainisteoirí i Réimse na bhFeidhmchlár/na Réiteach Digiteach (leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta) a earcófar ón gcomórtas seo le cur i bhfeidhm straitéisí Rialtais éagsúla sna heagraíochta ina gceapfar iad. Is deis iontach í seo a bheith páirteach i bhfoireann a bhfuil sé mar aidhm aici Éire a chur chun cinn mar cheannaire sa réimse digiteach agus mar cheannaire a éascaíonn teagmháil dhigiteach leis an Stát do ghnólachtaí, don phobal agus do sheirbhísigh phoiblí.
Beidh iarrthóirí a n-éiríonn leo i gceannas ar fhoirne a chuireann tionscadail a bhfuil tábhacht náisiúnta leo agus atá i mbéal an phobail a sholáthar, mar shampla: réitigh do thacaíochtaí leasa shóisialaigh, an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí, teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim, fóirdheontais in earnáil an agraibhia, príomheachtraí saoil a chlárú - mar shampla breitheanna, póstaí, básanna - ceadúnais tiomána agus fostaíochta agus tairseach gov.ie a fheidhmíonn mar phríomhfhoinse faisnéise faoin Rialtas agus faoi sheirbhísí an Rialtais.
Féach Leabhrán Eolais an Iarrthóra chun na sonraí uilig faoin ról a fháil, lena n-airítear na riachtanais cháilitheachta ar leith.
Tá os cionn 50,000 duine fostaithe sa Státseirbhís ar fud na tíre sna 18 Roinn Rialtais agus i 20 Oifig agus gníomhaireacht Státseirbhíse eile. Tá sé mar aidhm againn soláthar seirbhíse ionchuimsitheach ar ardchaighdeán a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais mhuinitr na hÉireann agus a chuireann feabhas ar shaol na ndaoine sin.
Líonfar folúntais sa Státseirbhís ón bpainéal a bhunófar de thoradh an chomórtais seo. Ba chóir d’iarrthóirí a thuiscint go mbeidh formhór na bhfolúntas i mBaile Átha Cliath.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.