8026
Comhairle Contae Fhine Gall
https://www.fingal.ie/
Lánaimseartha
18/09/2026
Baile Átha Cliath
08/10/2026 15:00
Pleanálaí Sinsearach Feidhmiúcháin
Buan
Údarás Áitiúil
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Ba mhian le Comhairle Contae Fhine Gall post mar Shuirbhéir Sinsearach Cainníochta Feidhmiúcháin a líonadh. Is post lánaimseartha é seo i Rannóg na nAiltirí, atá freagrach as a chinntiú go gcuirtear Seirbhísí Ailtireachta ar ardchaighdeán ar fáil, lena n-áirítear dearadh ailtireachta, caomhnú, dearadh uirbeach agus soláthar tógála agus seirbhísí suirbhéireachta cainníochta, do gach rannóg i gComhairle Contae Fhine Gall.
Tá patrún oibre ina mbíonn éagsúlacht i bhfeidhm sa Rannóg agus tá béim á leagan ar thithíocht shóisialta agus inacmhainne nua a chur ar fáil de réir bheartas an rialtais. Ina theannta sin, tá príomhról aici maidir le cláir a bhainfidh an leas is fearr as stoc tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. Oibríonn an rannóg ar fhoirgnimh phoiblí agus phobail chomh maith.
Feidhmíonn Rannóg na nAiltirí mar sheirbhís chomhtháite do gach rannóg sa Chomhairle agus tuairisceoidh an té a cheapfar don Suirbhéir Cainníochta Sinsearach.
Tá liosta iomlán de riachtanais an phoist le fáil sa Leabhrán Eolais.
Managing, overseeing and directing projects undertaken by in-house quantity surveying staff and consultant quantity surveyors.
Providing the full range of quantity surveying services from Project Inception to Final Completion on allocated projects in accordance with the requirements of the Public Works Forms of Contract and the Capital Works Management Framework, including preparation of tender and contract documentation.
Setting targets, goals, timeframes and driving progress to ensure completion of projects in a timely manner.
A full list of main duties is available in the Information Booklet.
Is áit chónaithe agus oibre, suíomh cuairte agus ionad gnó mealltach é Fine Gall. Achar 450 km2 atá sa chontae, a théann ó Bhaile Brigín sa tuaisceart, go Baile Bhlainséir san iarthar agus go Binn Éadair san oirthear. Aithnítear an ceantar mar gheall ar éagsúlacht a thírdhreacha agus mar gheall ar na patrúin lonnaithe atá le brath ann, mar gheall go bhfuil áiteanna tuaithe, uirbeacha agus fo-uirbeacha ann. Tá imeallbhord 88 km ann, trí inbhear mhóra cosanta agus gnáthóga réisc ghoirt agus 13 thrá mhóra.
Is ceann de phríomhfhostóirí an chontae í Comhairle Contae Fhine Gall, ina bhfuil thart ar 1,600 fostaí faoi láthair. Tá údarás ag an gComhairle réimse feidhmeanna agus seirbhísí a sholáthar agus is féidir iad a roinnt go ginearálta faoi na teidil seo a leanas: infreastruchtúr fisiciúil agus sóisialta a chur ar fáil, tithíocht, forbairt eacnamaíochta agus turasóireachta, forbairt phobail, fóilíocht agus áiseanna agus an creat rialála pleanála agus comhshaoil a bhainistiú. Faoin dlí, tá dualgas ar an gComhairle Contae ionadaíocht, stiúradh agus seirbhísí a sholáthar do phobail Fhine Gall.
Tá deis anois i gComhairle Contae Fhine Gall do Shuirbhéir Cainníochta Feidhmiúcháin Sinsearach.
Scála Tuarastail i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026:
€80,680 – €83,153 – €84,338 – €86,828 – €89,339 – €91,842 – €94,364 – €97,533 LSI1 – €100,692 LSI2
Beidh na huaireanta freastail de réir mar a shocraítear iad ó am go ham agus ní bheidh siad níos lú ná 35 huaire an chloig san iomlán in aghaidh na seachtaine.
Ceadaítear 30 lá mar shaoire sa bhliain sa phost mar Suirbhéir Cainníochta Sinsearach Feidhmiúcháin.
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin.
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe.
Is fostóirí comhdheiseanna iad na húdaráis áitiúla.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.