7909
Comhairle Contae Fhine Gall
https://www.fingal.ie/
Lánaimseartha
18/09/2026
Baile Átha Cliath
08/10/2026 15:00
Pleanálaí Sinsearach Feidhmiúcháin
Buan
Údarás Áitiúil
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Is post lánaimseartha é seo sa Rannóg Pleanála agus Forbartha i gComhairle Contae Fhine Gall.
Tá iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus taithí ábhartha acu á lorg ag an gComhairle do phost an Phleanálaí Feidhmiúcháin Shinsearaigh. Post sinsearach atá ann sa Rannóg Pleanála agus Forbartha, agus beidh an ceapaí freagrach don Phleanálaí Sinsearach agus/nó d’aon fhostaí eile a ainmníonn an Príomhfheidhmeannach. Tá an Pleanálaí Feidhmiúcháin Sinsearach freagrach as gnéithe den Rannóg Pleanála agus Forbartha a bhainisitú agus as seirbhísí éagsúla a sholáthar do na hÚdaráis Áitiúla. Is deis iontach é ról an Phleanálaí Feidhmiúcháin Shinsearaigh in údarás áitiúil le páirt a ghlacadh maidir le beartais straitéiseacha a chur i bhfeidhm i réimsí éagsúla, mar atá, Bainistíocht Forbartha, Pleanáil Chun Cinn agus Cur i gCrích Tionscadal, agus chun cur le cur chuige ildisciplíneach maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus maidir le hIompar Inbhuanaithe.
Beidh ar an bPleanálaí Feidhmiúcháin Sinsearach a bheith ag obair go dlúth leis an bhFoireann Ardbhainistíochta agus le Baill Thofa, chun an réimse iomlán seirbhísí a chur ar fáil, chun cinntí beartas áitiúil a chur i bhfeidhm agus chun spriocanna straitéiseacha corparáideacha a bhaint amach, de réir threoir bheartais ghinearálta na comhairle tofa.
Tá liosta iomlán de riachtanais an phoist le fáil sa Leabhrán Eolais.
To prepare and implement development plan documents and prepare reports on these matters for the appropriate Committees of the Council.
To consider new and emerging national planning policy and development plans being prepared by adjoining local authorities, assess implications for the Council and respond to these proposals as required.
Interacting with Planning Authorities in matters related to preparation of Development Plans, Variations, etc.
A full list of main duties is available in the Information Booklet.
Is áit chónaithe agus oibre, suíomh cuairte agus ionad gnó mealltach é Fine Gall. Achar 450 km2 atá sa chontae, a théann ó Bhaile Brigín sa tuaisceart, go Baile Bhlainséir san iarthar agus go Binn Éadair san oirthear. Aithnítear an ceantar mar gheall ar éagsúlacht a thírdhreacha agus mar gheall ar na patrúin lonnaithe atá le brath ann, mar gheall go bhfuil áiteanna tuaithe, uirbeacha agus fo-uirbeacha ann. Tá imeallbhord 88 km ann, trí inbhear mhóra cosanta agus gnáthóga réisc ghoirt agus 13 thrá mhóra. Is ceann de phríomhfhostóirí an chontae í Comhairle Contae Fhine Gall, ina bhfuil thart ar 1,600 fostaí faoi láthair. Tá údarás ag an gComhairle réimse feidhmeanna agus seirbhísí a sholáthar agus is féidir iad a roinnt go ginearálta faoi na teidil seo a leanas: infreastruchtúr fisiciúil agus sóisialta a chur ar fáil, tithíocht, forbairt eacnamaíochta agus turasóireachta, forbairt phobail, fóillíocht agus áiseanna agus an creat rialála pleanála agus comhshaoil a bhainistiú. Faoin dlí, tá dualgas ar an gComhairle Contae ionadaíocht, stiúradh agus seirbhísí a sholáthar do phobail Fhine Gall.
Tá deis anois i gComhairle Contae Fhine Gall do Phleanálaí Feidhmiúcháin Sinsearach.
Scála Tuarastail i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026:
€80,680 – €83,153 – €84,338 – €86,828 – €89,339 – €91,842 – €94,364 – €97,533 LSI1 – €100,692 LSI2
Beidh na huaireanta freastail de réir mar a shocraítear iad ó am go ham agus ní bheidh siad níos lú ná 35 huaire an chloig san iomlán in aghaidh na seachtaine.
Ceadaítear 30 lá mar shaoire sa bhliain sa phost mar Pleanálaí Sinsearach Feidhmiúcháin.
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin.
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe.
Is fostóirí comhdheiseanna iad na húdaráis áitiúla.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.