7900
Comhairle Contae Chorcaí
https://www.corkcoco.ie/en/
Lánaimseartha
09/10/2026
Corcaigh
29/10/2026 15:00
Ceannasaí Fiontraíochta
Buan
Údarás Áitiúil
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Ról sinsearach is ea an post mar Cheannasaí Fiontraíochta taobh istigh de Stiúrthóireacht na Forbartha Eacnamaíochta agus Pleanála Straitéisí i gComhairle Contae Chorcaí. Beidh an Ceannasaí Fiontraíochta i gceannas ar fhoireann a sholáthróidh córas ardchaighdeáin de thacaíocht Stáit chomhordaithe agus chomhtháite d’earnáil na micreaghnólachtaí agus na ngnólachtaí beaga. Post fíorthábhachtach atá ann laistigh de struchtúr na OFÁnna san Údarás Áitiúil. Beidh ról tábhachtach ag an gceapaí maidir le plean straitéiseach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm mar thacaíocht d'fhiontar, d'fhiontraíocht agus maidir le poist a chruthú go háitiúil. Beidh an rath ag brath ar a chinntiú go bhfeidhmíonn an OFÁ mar Phríomhionad chun seirbhísí a chur ar fáil chun tús a chur le micreaghnólachtaí agus gnólachtaí beaga agus iad a fhorbairt ar fud an chontae.
Tá liosta iomlán de riachtanais an phoist le fáil sa Leabhrán Eolais.
Supporting enterprise at local level with reference to national Government policy objectives and commitments on enterprise, entrepreneurship and job creation.
Delivering on core targets.
Managing the day to day operations of the Local Enterprise Office (LEO) with particular reference to meeting the commitments set out in the Service Level Agreement between departments and State Agencies.
A full list of main duties is available in the Information Booklet.
T
Tá na hOifigí Fiontair Áitiúla (OFÁnna) de chuid Chomhairle Contae Chorcaí i gceannas ar chlár straitéiseach chun fiontraíocht a neartú, borradh a chur faoi mhéadú na ngnóthas beag, agus geilleagar áitiúil atá seasmhach agus ionchuimsitheach a chothú ar fud bhailte agus cheantair thuaithe Chorcaí.
Tá 31 Oifig Fiontair Áitiúla in Éirinn, iad ar fad chun cabhrú le teacht ar sheirbhísí fiontair agus chun fiontar ag an leibhéal áitiúil a chur chun cinn agus chun tacaíocht a thabhairt dó. Is é an OFÁ an Príomhionad do dhuine ar bith a bhfuil eolas agus tacaíocht á lorg acu maidir le gnólacht a bhunú nó maidir le gnólacht a fhorbairt in Éirinn. Tá Ceannasaí Fiontair i gceannas ar gach OFÁ.
Tá dhá OFÁ i gComhairle Contae Chorcaí - Tuaisceart agus Iarthar Chorcaí, agus Deisceart Chorcaí.
Tá daonra de thart ar 359,000 duine i gContae Chorcaí. Déanann 55 bhall tofa ionadaíocht do mhuintir an chontae sna Ceantair Bhardasacha uilig (8 gcinn): Carraig Uí Leighin (6), Droichead na Bandan/Cionn tSáile (6), Maigh Chromtha (6), An Cóbh (6), Oirthear Chorcaí (7), Mainistir Fhear Maí (6), Ceann Tuirc/Mala (9) agus Iarthar Chorcaí (9) agus is é an tionól tofa is mó lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
Tá 7,318 ciliméadar cearnach i gContae Chorcaí, agus sin 11% de Stát na hÉireann agus is é Corcaigh an contae is mó in Éirinn. Tá os cionn 12,211 ciliméadar de bhóithre sa chontae agus is ionann gréasán iompair Chomhairle Contae Chorcaí agus 13.5% de ghréasán na tíre. Maidir le Clár Infheistíochta Caipitil na Comhairle don tréimhse 2023-2025, tá €1.3bn i gceist, a léiríonn an tionchar mór a bhíonn ag an eagraíocht ar gach gné den saol i gContae Chorcaí.
Scála Tuarastail i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026:
€82,595 – €83,331 – €86,572 – €89,833 – €93,101 – €96,333 – €99,586 – €103,275 LSI1 – €109,155 LSI2
Beidh na huaireanta freastail de réir mar a shocraítear iad ó am go ham agus ní bheidh siad níos lú ná 35 huaire an chloig san iomlán in aghaidh na seachtaine.
Ceadaítear 30 lá mar shaoire sa bhliain sa phost mar Ceannasaí Fiontraíochta.
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin.
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe.
Is fostóirí comhdheiseanna iad na húdaráis áitiúla.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.