6363
Breastcheck
https://www.hse.ie
02/07/2026
Baile Átha Cliath
Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Eile
23/07/2026 15:00
Buan
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
VTRABR20 Raideolaí Comhairleach le sainspéis sa Raideolaíocht Chíche
Is ceapachán é seo don Chlár Náisiúnta Scagthástála Cíoch faoin gConradh Comhairleach a Oibríonn sa Chóras Poiblí Amháin, 2023, de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. In BreastCheck - Aonaid Mhuirfean le haghaidh 19 n-uair an chloig sa tseachtain agus in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann le haghaidh 18 n-uair an choimitmint tosaigh a bheidh i gceist leis an bpost seo. Is féidir go ndéanfar athstruchtúrú ar an bpost seo amach anseo chun atheagrú seirbhísí géarmhíochaine a éascú de réir samhlacha cliniciúla nua do sheirbhísí géarmhíochaine agus do sheirbhísí pobail. Tá sé tugtha faoi deara gur chóir an post a bheith ag teacht le riachtanais bheartais sláinte náisiúnta, mar atá, Cláir Náisiúnta Chliniciúla Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena n-áirítear gealltanas go mbainfear torthaí feidhmíochta ábhartha amach, agus cur i bhfeidhm beartais sláinte náisiúnta a éascú.
Is é cuspóir an phoist seo tacaíocht a thabhairt chun seirbhís ardchaighdeáin raideolaíochta chíche a sholáthair go leanúnach don Aonad Scagthástála Chíche Merrion agus don rannóg raideolaíochta in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann.
Oibreoidh an ceapaí in BreastCheck, Aonad Mhuirfean agus Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann. Soláthróidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seirbhísí de réir Conradh Comhairleach a Oibríonn sa Chóras Poiblí Amháin, 2023 le sceideal coimitminte agus le plean cleachtais atá aontaithe.
Tá méadú leanúnach ag teacht ar ár n-ualach oibre mar gheall ar an tionscnamh maidir le Síneadh Aoise BreastCheck agus an leathnú ar an tseirbhís do dhaoine a bhfuil siomptóim acu ag Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann. Táthar ag tacú leis an méadú sin trí chomhairligh nua a cheapadh chun seirbhísí a bhaineann le máinliacht cíche agus raideolaíocht a chur ar fáil. Chomh maith leis an méadú atá tagtha ar líon na n-othar , tá athrú tagtha ar an gcineál oibre atá againn de bharr feabhas atá tagtha sna modhanna raideolaíochta , de bharr forbairt sna modhanna máinliachta oncaplaisteacha agus de bharr an fhorbartha ollmhór atá tagtha san oinceolaíocht leighis lena n-áirítear ceimiteiripe neo-aidiúvach a thabhairt agus spriocanna cóireála nua a aithint. Rachaidh na forbairtí sin go mór chun tairbhe d'othair a bhfuil ailse chíche orthu agus tá feabhas suntasach tagtha dá mbarr ar líon na n-othar atá saor ó ghalar agus ar an ráta marthanais iomlán. Tá méadú tagtha dá mbarr freisin ar chastacht na gcásanna, rud a éilíonn foireann bhreise chun a chinntiú go leanfar de seirbhís ardchaighdeáin atá dírithe ar an othar a sholáthar — an cineál seirbhíse atá i gcroílár ár gcleachtas.
Maidir le dualgais eagraíochtúla sa ról seo, beidh pleanáil seirbhíse agus bainistíocht acmhainní i gceist, ag leibhéal an chomhairligh, ag leibhéal na rannóige san ospidéal agus ag leibhéal na Seirbhíse Scagthástála Náisiúnta. Beidh an ceapaí iomlán páirteach go dearfach in iniúchadh leighis chomh maith le hoideachas leighis ar bhonn leanúnach (féach thíos).
Féach an Leabhrán Eolais chun tuilleadh eolais a fháil.
Soláthraíonn an tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála, cuid den Fheidhmeannach Seirbhíse Sláinte, ceithre chlár scagthástála náisiúnta saor in aisce ar bhonn daonra..
Aidhm an Chláir
BreastCheck
Ailse chíche a aimsiú a luaithe agus is féidir, nuair is féidir cóireáil a chur orthu ar bhealach níos fusa.
CervicalCheck
Cosc a chur ar ailse cheirbheacs trí athruithe sna cealla sa cheirbheacs a aimsiú agus cóireáil a dhéanamh orthu sula dtagann ailse orthu
Ailse cheirbheacs a aimsiú go luath, sula dtosaíonn na siomptóim, nuair is féidir cóireáil a chur uirthi ar bhealach níos fusa.
BowelScreen
Cosc a chur ar ailse phutóige trí mhínormáltachtaí sa phutóg (polaipí) a aimsiú agus a bhaint.
Ailse phutóige a aimsiú go luath, r sula dtosaíonn na siomptóim, nuair is féidir cóireáil a chur uirthi ar bhealach níos fusa.
Diabetic RetinaScreen
Aimsiú agus cóireáil luath a dhéanamh ar reitineapaite a chuireann radharc duine i mbaol. Nuair a aimsítear reitineapaite go luath, bíonn cóireáil éifeachtach chun damáiste don radharc a laghdú nó a chosc.
Ár misean Cuirimid cláir scagthástála ar bhonn daonra ar fáil a chabhraíonn le galair a chosc, an riosca a bhaineann leo a laghdú, agus a chabhraíonn lena n-aithint in Éirinn.
Ár bhFís Comhoibriú a dhéanamh chun beatha daoine a shábháil agus sláinte daoine a fheabhsú trí scagthástáil a dhéanamh ar bhonn daonra.
Is ceapachán i bpost lán-aimseartha, buan agus inphinsin é seo
Leagfar an tuarastal bliantúil amach sa Chonradh Poiblí Amháin do Chomhairligh, 2023. Scálaí Tuarastail do Chomhairligh Leighis i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026:
€238,221 €251,098 €264,691 €271,846 €278,998 €286,151
Tabharfar creidiúint incriminteach maidir le taithí roimhe seo ag leibhéal an Chomhairligh
Is é seo a leanas an ghnáthsheachtain oibre a bhaineann leis an bpost: 37 n-uaire an chloig sa tseachtain
Is é seo a leanas an tsaoire bhliantúil a bhaineann leis an bpost: 30 Lá Oibre sa bhliain
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe
Is fostóir comhdheiseanna é FSS
Dr. Sorcha McNally
Clinical Director
sorcha.mcnally@screeningservice.ie
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.