202
Oifig na nOibreacha Poiblí
https://www.gov.ie/en/office-of-public-works/
Lánaimseartha
29/08/2025
Corcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Chainnigh, Luimneach, An Mhí, Sligeach, Port Láirge, An Iarmhí
Baile Átha Luain, Corcaigh, Baile Átha Cliath, An Ghaillimh, Cill Chainnigh, Luimneach, Sligeach, Baile Átha Troim, Port Láirge
25/09/2025 15:00
Buan
Státseirbhís
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Tá folúntas sa Rannóg Mheicniúil agus Leictreach (M&L) anois do Chléireach Sinsearach Oibreacha (Meicniúil agus Leictreach) i gCeantar an Iarthair/an Iarthuaiscirt (lonnaithe i nGaillimh nó i Sligeach).
Mar chuid den ról, beidh orthu suiteáil agus cothabháil na gcóras M&L a shocrú agus maoirseacht a dhéanamh orthu, cáipéisí conartha a ullmhú agus maoirseacht a dhéanamh ar obair ar an láthair. Ina theannta sin, beidh siad ina mball d’fhoireann ildisciplíneach, ag obair le gairmithe tógála ar thionscadail éagsúla.
Is soláthraí tábhachtach don Rialtas í Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) Tá na freagrachtaí seo a leanas i gceist: réadmhaoin cháiliúil oidhreachta na hÉireann a chaomhnú agus a chothabháil agus bainistíocht a dhéanamh ar phunann shuntasach réadmhaoine an Stáit, ina bhfuil níos mó ná 2,500 réadmhaoin. Cuireann sí lóistín ar fáil do Ranna Rialtais, don Gharda Síochána agus do ghníomhaireachtaí Stáit eile.
Tá Rannóg na Bainistíochta Eastát in OOP freagrach as bainistíocht agus cothabháil a dhéanamh ar phunann réadmhaoine an Stáit atá faoina cúram. Is rannóg san RBE í an Rannóg Innealtóireachta M&L. Tá sé mar aidhm aici seirbhísí tógála M&L a dhearadh, a sholáthar agus a chothabháil i bhfoirgnimh atá ann cheana agus i bhfoirgnimh nua.
Is deis iontach í seo do leictreoirí cáilithe, ag a bhfuil an taithí riachtanach teacht chun obair a dhéanamh in eagraíocht atá tiomanta tacú le baill foirne barr a gcumais a bhaint amach. Ina theannta sin, cuireann an ról seo buntáistí mealltacha ar fáil, lena n-áirítear socruithe oibre solúbtha (35 huaire sa tseachtain [glan]) agus tiomantas i dtaca le cothromaíocht oibre is saoil agus ionad oibre atá oiriúnach do theaghlaigh, lena n-áirítear socruithe postroinnte agus roghanna éagsúla i dtaca le saoire speisialta.
Bunófar painéal ón gcomórtas seo chun aon fholúntais a thagann chun cinn (má thagann) do Chléirigh Shinsearacha Oibreacha (M&L) i mBaile Átha Luain, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath, i gCill Chainnigh, i Luimneach, i mBaile Átha Troim, agus i bPort Láirge.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.