134
Seirbhís Phríosúin na hÉireann
https://www.irishprisons.ie
Lánaimseartha
03/09/2026
08/10/2026 15:00
Oifigeach Príosúin faoi Oiliúint
Buan
Earnáil Phoiblí
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
Is iad na hOifigigh Phríosúin a dhéanann an chuid is mó den teagmháil aghaidh ar aghaidh le daoine atá i bpríosún le linn a bpianbhreithe, lena n-áirítear aistriú ón gcúirt; cimiú; sábháilteacht; slándáil; lóistín; tacaíocht maidir le rochtain ar chúram sláinte, ar sheirbhísí síceolaíochta, ar sheirbhísí a bhíonn i dteagmháil leis an bpríosún ón taobh amuigh, oiliúint oibre, oideachas agus cuairteanna le baill teaghlaigh, cairde agus ionadaithe dlí; smacht maith a choinneáil; agus tacú lena gcúram, lena ndul chun cinn, agus lena n-athshlánú chun gur féidir leo ath-imeascadh ina bpobail nuair atá a bpianbhreith curtha i gcrích acu.
Toisc go gcaitheann príosúnaigh an chuid is mó dá bpianbhreith i láthair na nOifigeach Príosúin, tá sé fíorthábhachtach caidreamh cuí a chothú le príosúnaigh agus dea-shampla a thabhairt maidir le cuma ghinearálta, maidir le hiompar agus maidir le teagmháil laethúil le comhghleacaithe agus le príosúnaigh sa ról. Ní mór d’Oifigigh Phríosúin gach príosúnach atá faoina gcúram a choimeád slán agus cuntas a thabhairt maidir leo i gcónaí, laistigh den phríosún nó nuair atá príosúnach á thionlacan acu.
Is post ag an mbunleibhéal don tSeirbhís é Oifigeach Príosúin faoi Oiliúint.
Oibríonn príosúin 24 huaire sa lá, seacht lá sa tseachtain. Mar sin beidh ar Oifigigh Phríosúin faoi Oiliúint 2,035 uair a chloig oibre a dhéanamh sa bhliain ar ghnáthuainchlár 39 n-uaire an chloig sa tseachtain agus beidh orthu sealobair a dhéanamh, lena n-áirítear obair oíche, gach dara deireadh seachtaine, roinnt saoire poiblí agus le linn féilte. Beidh ar Oifigigh Phríosúin faoi Oiliúint uaireanta Oibre Sa Bhreis a dhéanamh chomh maith leis na huaireanta bunúsacha ar uainchlár, 360 uair an chloig ar a mhéad sa bhliain.
Bíonn an obair mar Oifigeach Príosúin faoi Oiliúint casta agus deacair, ach bíonn éagsúlacht, dúshlán agus luach saothair i gceist chomh maith. Táimid ag lorg daoine a thuigeann agus a bhfuil an cumas acu déileáil le príosúnaigh, gníomhú go gairmiúil, go tuisceanach agus go daonnúil agus an cumas dea-shampla a thabhairt maidir le hiompar sóisialta dearfach. Ní mór dóibh a bheith in ann smaoineamh go sciobtha i gcásanna ina gcaithfear slándáil agus smacht a choinneáil.
Tá Seirbhís Phríosúin na hÉireann freagrach as coimeád sábháilte agus slán, cúram le dínit agus athshlánú a sholáthar do dhaoine atá faoi choimeád chun go mbeidh an pobal níos sábháilte. Feidhmíonn Seirbhís Phríosúin na hÉireann mar oifig feidhmiúcháin laistigh den Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
Tá Ardstiúrthóir i gceannas ar an tSeirbhís agus tugann roinnt Stiúrthóirí tacaíocht don té sin. Is cuid thábhachtach de Chóras Dlí Coiriúil na tíre í Seirbhís Phríosúin na hÉireann. Tá thart ar 3,700 ball foirne ann, idir bhaill foirne faoi éide agus bhaill foirne shibhialtacha.
Faoi láthair tá 13 phríosún ann; 10 bPríosún dúnta (Cnoc an Arbhair, an Caisleán Riabhach, Cnoc na Seamar, Príosún Chorcaí, Dóchas, Príosún Luimnigh, Príosún Lár na Tíre, Príosún Mhuinseo, Príosún Phort Laoise, agus Páirc na Cruithneachta), an tAonad Oiliúna (Muinseo) agus dhá Ionad Oscailte (Teach Locháin agus Mainistir Shelton). De ghnáth, déanann Seirbhís Phríosúin na hÉireann bainistíocht ar thart ar 6,000 duine atá faoi choimeád ag aon am amháin, idir fhir agus mhná, atá 18 mbliana d’aois agus níos sine. Tá ceanncheathrú Sheirbhís Phríosúin na hÉireann suite sa Longfort. Tá cúig Stiúrthóireacht sa cheanncheathrú, lena n-áirítear Cúram agus Athshlánú, Oibríochtaí, Acmhainní Daonna, Airgeadas agus Eastáit, Seirbhísí Corparáideacha, Rialachas agus TFC.
Ón 1 Meitheamh 2026, tá an scála tuarastail seo a leanas i bhfeidhm d’Oifigigh Phríosúin faoi Oiliúint:
RPP €38,413.00 €39.7189 €42,789.00(GNÁTH UAS)
Tosóidh Oifigigh Phríosúin faoi Oiliúint ag an bpointe is ísle den scála tuarastail.
Oiliúint d'Oifigigh Phríosúin faoi Oiliúint
Mar chuid den Oiliúint d'Oifigigh Phríosúin faoi Oiliúint, tá clár dian le cur i gcrích thar thréimhse dhá bhliain, clár atá creidiúnaithe ag Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt, Port Láirge. Nuair a bheidh an clár curtha i gcrích go rathúil ag na hOifigigh Phríosúin faoi Oiliúint, bronnfar an tArdteastas i gCúram Coimeádta orthu.
Tabhair faoi deara go reáchtálfar seisiún eolais i láthair go pearsanta in Áras na Caibidle roimh an dáta deiridh. Ní thabharfar cuireadh chuig an seisiún seo ach d’iarrthóirí a bheidh iarratas atá comhlánaithe go hiomlán curtha isteach acu faoi 10 a.m. Dé Luain, an 21 Meán Fómhair 2026. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil do na hiarrthóirí lena mbaineann.
Féach Leabhrán Eolais an Chomórtais chun teacht ar a thuilleadh sonraí faoin ról seo.
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.