8908
FSS - Baile Átha Cliath agus an tOirdheisceart
https://www.hse.ie
Lánaimseartha
15/09/2026
Loch Garman
Eile, FSS – Áth Cliath agus an tOirdheisceart
29/10/2026 15:00
Buan
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Eolas faoin Inrochtaineacht: Tá muid tiomanta do pholasaí comhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta. Féach ar ár Ráiteas i dtaca le hInrochtaineacht
Tabhair faoi deara: ní féidir leat an teanga a roghnaíonn tú agus tús á chur agat le d’iarratas a athrú tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe “Déan Iarratas”. Má tá d’iarratais i mBéarla, beidh do chomhfhreagras i mBéarla.
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga, sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.
CHPSLD01 Síciatraí Comhairleach i Réimse an Mhíchumais Foghlama (Aosaigh) Seirbhís Meabhairshláinte (SMS) Loch Garman ar feadh 37 n-uair an chloig sa tseachtain
Is ceapachán é seo i Réigiún FSS Bhaile Átha Cliath agus an Oirdheiscirt faoi Chonradh na Lianna Comhairleacha - Cúram Sláinte Poiblí Amháin, 2023 de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Beidh an post ar dtús le SMS Loch Garman (37 n-uair an chloig sa tseachtain). Is féidir go ndéanfar athstruchtúrú ar an bpost seo amach anseo chun atheagrú seirbhísí géarmhíochaine a éascú de réir samhlacha cliniciúla nua do sheirbhísí géarmhíochaine agus do sheirbhísí pobail. Tá sé tugtha faoi deara gur chóir an post a bheith ag teacht le riachtanais beartais sláinte náisiúnta, mar atá, Cláir Náisiúnta Chliniciúla FSS, lena n-áirítear gealltanas go mbainfear torthaí feidhmíochta ábhartha amach, agus cur i bhfeidhm beartais sláinte náisiúnta a éascú.
Cuirfidh an ceapaí measúnuithe diagnóiseacha ar fáil do dhaoine fásta atá faoi mhíchumas intleachta measartha, dian nó tromchúiseach agus a bhfuil meabhairghalar orthu, de réir fianaise nó amhrais. Ina theannta sin, cuirfidh an ceapaí saineolas ó reimse an mheabhairsláinte agus an mhíchumais intleachtúil (MSMI) leis an Rannóg Síciatrachta in Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge, agus beidh gealltanas cúraim lae i gceist i dtrí áras cónaithe 24 uair an chloig a bhfuil altraí ag obair ann sa cheantar, i mbaile Loch Garman (58 An Fearann Thiar), Maolán na nGabhar (Croí an Tobair) agus Inis Córthaidh (Radharc an Chuain). Glacfar le hatreoruithe ó dhochtúirí ginearálta agus comhghleacaithe leighis eile maidir le cónaitheoirí pobail agus daoine a bhfuil leas á bhaint acu as seirbhísí lae agus cónaithe ar leith atá á reachtáil ag FSS agus eagraíochtaí Alt 39 sa cheantar. Déanfar measúnuithe sna háiteanna seo, i rannóg na n-othar seachtrach, i Rannóg na Síciatrachta, Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge nó trí chuairteanna baile.
Dualgais oibríochta, straitéiseacha, cliniciúla, riaracháin agus eile a bhainfidh leis an bpost:
Féach an Leabhrán Eolais chun tuilleadh eolais a fháil
Is fo-rannóg de chuid an SMS in FSS Bhaile Átha Cliath & an Oirdheiscirt é Seirbhís Meabhairshláinte Loch Garman, a bhfuil Ceantar Cúraim Sláinte Comhtháite Loch Garman/Phort Láirge, Ceantar Cúraim Sláinte Comhtháite Cheatharlach/Chill Chainnigh/Thiobraid Árann Theas (ar a tugadh CHO 5 roimhe seo).
Sanntar an post forbartha seo do dhaonra de 163,919 i gContae Loch Garman de réir daonáireamh 2022. Tá roinnt seirbhísí cónaithe agus lae ann do dhaoine atá faoi mhíchumas foghlama, atá á reáchtáil ag eagraíochtaí Alt 39 sa cheantar seo. Tugtar géarchúram síciatrach d'othair chónaitheacha den cheantar i Rannóg Síciatrachta Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge, áit a bhfuil 44 leaba ann. Cuirtear cúram síciatrach leanúnach ar fáil i dtrí áit chónaithe pobail a bhfuil foireann altraí ag obair ann ar feadh 24 uair an chloig do ghrúpa úsáideoirí seirbhíse MSMI (n = 33) a bhí mar othair chónaitheacha fadtréimhseacha roimhe seo in Ospidéal Naomh Seanán, Inis Córthaidh, Contae Loch Garman.
Déanfaidh an ceapaí maoirseacht ar phleananna cúraim aonair a fhorbairt, nuair is gá, d'othair chónaitheacha sa Rannóg Síciatrachta, Ospidéal na hOllscoile Port Láirge, agus eagróidh siad idirghabhálacha a dhéanfaidh an fhoireann ildisciplíneacha d’úsáideoirí seirbhíse i réimse an Mhíchumais Intleachta, de réir na gcaighdeán a mholtar sa Chóras Seirbhíse Náisiúnta don Mhíchumas Intleachta (a seoladh i mí Eanáir 2021) agus i Seirbhísí Meabhairshláinte do Dhaoine Fásta atá faoi Mhíchumas Intleachta: An Interim Guidance Document for MHID Teams(Cáipéis Treorach Eatramhach d’Fhoirne MSMI) (a foilsíodh i mí an Mhárta 2020). Ina theannta sin, beidh an tseirbhís seo, a stiúrann Comhairligh, i dteagmháil le Dochtúirí Ginearálta maidir le treoir agus tacaíocht a chur ar fáil maidir le conairí atreoraithe agus maidir leis an leas is fearr a bhaint as seirbhísí speisialtachta. Táthar ag súil leis go bhforbróidh an ceapaí dlúthchaidrimh oibre leis an Síciatraí Comhairleach MSMI d'Aosaigh atá fostaithe ag seirbhíse Bhráithre na Carthanachta san Oirdheisceart agus leis an Síciatraí Comhairleach do Leanaí agus Ógánaigh i Réimse an Mhíchumais Foghlama atá fostaithe ag SMS Phort Láirge. Tá forbartha nua ann chomh maith chun Síciatraí Comhairleach nua i Réimse an Mhíchumais Foghlama a earcú do SMS Phort Láirge faoi láthair.
Soláthróidh an ceapaí rathúil múnla seirbhíse atá bunaithe ar 'leanúnachas cúraim' trí chinntiú go leanfaidh sé/sí, i gcomhar leis an bhfoireann míchumais intleachta, na hothair agus iad ag dul faoi na céimeanna cóireála cónaitheacha agus seachtracha. Rachaidh siad leis an róta glaodhualgais do Chomhairligh Phort Láirge agus Loch Garman, atá struchtúr ar bhonn 1 sa 15 air faoi láthair. Bíonn an comhairleach atá ‘ar glao-dhualgas’ i Rannóg na Síciatrachta in Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge gach lá ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc chun a chinntiú go bhfuil cinnteoir sinsearach leighis ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar gach othar cónaitheach laistigh de 24 huaire ón am a dtagann siad isteach agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar othair chónaitheacha má tá imní chliniciúil ann maidir le folláine an othair nó má tá cinneadh le déanamh faoi aistriú nó scaoileadh.
Is ceapachán i bpost lán-aimseartha, buan agus inphinsin é seo
Leagfar an tuarastal bliantúil amach sa Chonradh Poiblí Amháin do Chomhairligh, 2023. Scálaí Tuarastail do Chomhairligh Leighis i bhfeidhm ón 1 Meitheamh 2026:
€238,221 €251,098 €264,691 €271,846 €278,998 €286,151
Tabharfar creidiúint incriminteach maidir le taithí roimhe seo ag leibhéal an Chomhairligh
Is é seo a leanas an ghnáthsheachtain oibre a bhaineann leis an bpost: 37 n-uaire an chloig sa tseachtain
Is é seo a leanas an tsaoire bhliantúil a bhaineann leis an bpost: 30 Lá Oibre sa bhliain
Is féidir go gcuirfear seisiún rangaithe nó gearrliostaithe ar siúl, bunaithe ar an eolas a thugtar ar an bhfoirm iarratais. Beidh na critéir rangaithe nó ghearrliostaithe bunaithe ar riachtanais an phoist de réir mar a leagtar amach sna rannáin ‘critéir cháilitheachta agus scileanna’, ‘inniúlachtaí’ agus/nó ‘eolas’ i sonraí an phoist. Dá bharr seo, tá sé tábhachtach go ndéanann tú machnamh ar an taithí atá agat, bunaithe ar na riachtanais sin
Mura gcuireann tú eolas ar fáil faoi na riachtanais seo, is féidir nach bhfaighidh tú cuireadh chuig an gcéad chéim eile den phróiseas roghnaithe
Is fostóir comhdheiseanna é FSS
Dr. Mia McLaughlin
Executive Clinical Director & Consultant Psychiatrist in the Psychiatry of Old Age
mia.mclaughlin@hse.ie
Níl an folúntas seo ag glacadh le hiarratais.