334
Department of Rural and Community Development and The Gaeltacht
https://www.gov.ie/ga/an-roinn-forbartha-tuaithe-agus-pobail-agus-gaeltachta/
Full-Time
29/10/2025
Galway
An Spidéal, Na Forbacha
01/12/2025, 15:00
Permanent
Civil Service
Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus Oifig an Choimisinéara Teanga anois ag earcú Príomhoifigigh Chúnta le líofacht sa Ghaeilge dá n-oifigí sna Forbacha agus ar an Spidéal, i nGaeltacht na Gaillimhe.
Beidh iarrthóirí a cheapfar go rathúil chun na Roinne, beidh siad freagrach do Phríomhoifigeach, agus beidh ról lárnach acu i gcur i bhfeidhm pholasaithe na Roinne agus an Rialtais ó thaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus ról acu freisin i bhforbairt polasaithe nua don earnáil.
Féach ar Leabhrán Eolais an Iarrthóra chun na sonraí uilig faoin ról a fháil, riachtanais cháilitheachta ar leith san áireamh.
Tá mar aidhm ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta (RFTPG) forbairt tuaithe agus pobail agus Gaeltachta agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá freagracht uileghabhálach ar an Roinn as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur i bhfeidhm. I measc Phríomhghnéithe na Straitéise tá cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chomh maith leis an Phlean Náisiúnta tras-rialtais um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge, an Plean Digiteach don Ghaeilge agus an Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe.
Feidhmíonn Oifig an Choimisinéara Teanga mar sheirbhís ombudsman agus gníomhaireacht chomhlíontachta i dtaca le seirbhísí stáit trí Ghaeilge agus cuireann sí béim ar chearta teanga an phobail agus ar cheanglais teanga an chórais stáit. Cuireann seirbhís neamhspleách d’ardchaighdeán ar fáil agus ag comhlíonadh ceanglais reachtúla an Choimisinéara ó thaobh comhlíontacht an stáit maidir le cearta teanga a chinntiú.
Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta deiridh.Tabhair faoi deara: Chun iarratas a chur isteach ar an gcomórtas seo, ní mór duit an Ghaeilge a shocrú mar do rogha teanga ar do phróifíl poistphoiblí. Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais a líonadh isteach i nGaeilge.
This vacancy is closed to applications.