4598
An Garda Síochána
https://www.garda.ie
Full-Time
11/05/2026
Nationwide
Carlow, Cavan, Clare, Cork, Donegal, Dublin, Galway, Kerry, Kildare, Kilkenny, Laois, Leitrim, Limerick, Longford, Louth, Mayo, Meath, Monaghan, Offaly, Roscommon, Sligo, Tipperary, Waterford, Westmeath, Wexford, Wicklow
03/06/2026, 15:00
Garda Trainee
Permanent
Public Sector
Accessibility Information: We are committed to a policy of equal opportunity and encourage applications under all nine grounds of the Employment Equality Act. Please see our Statement on Accessibility
Eisceacht is ea An Garda Síochána i gcomparáid le seirbhísí póilíneachta idirnáisiúnta mar chomhlacht aonadach atá freagrach as slándáil an Stáit agus as seirbhísí póilíneachta a chur ar fáil, agus tá sé mar aidhm aige “Daoine a Choinneáil Slán”.
Trí dhul isteach sa Gharda Síochána beidh deis iontach agat a bheith mar bhall d’fhoireann dhinimiciúil agus nuálach. Tabharfaidh an ról seo, agus an tionchar pearsanta a bheidh agat ar dhaoine eile agus ar an bpobal, sásamh duit ar bhealach ar leith.
Beidh tú páirteach in obair fhiúntach agus beidh an deis agat athrú a dhéanamh. Oibreoidh tú i dtimpeallacht thacúil a bhfuil cúrsaí digiteacha mar bhonn taca fúithi agus timpeallacht ar leith a bheidh i gceist.
Tá An Garda Síochána tiomanta ionad oibre ionchuimsitheach, cothrom, ina bhfuil an éagsúlacht chun tosaigh, a chothú agus, dá bharr seo, cuireann muid fáilte roimh iarratais ó iarrthóirí ó chúlraí éagsúla.
Má thagann tú isteach sa Gharda Síochána, athróidh an cinneadh seo do shaol agus beidh tionchar mór agat ar dhaoine eile. Nuair a thagann tú isteach, beidh dúshláin os do chomhair, beidh sásamh le baint as an obair, beidh scileanna nua le foghlaim agat, agus buailfidh tú le cairde nua.
Beidh sásamh ar leith le baint as an tionchar pearsanta a bheidh agat ar dhaoine agus ar an bpobal.
Is post dúshlánach é post an Gharda. Ach is post fiúntach é.
Beidh an t-eolas is déanaí faoin gcomórtas ar fáil ar an leathanach ar a bhfuil eolas faoi na comórtais do Ghardaí Faoi Oiliúint ar publicjobs.ie
Mar bhall den Gharda Síochána, beidh tú ag obair ar an líne thosaigh, ag tacú le híospartaigh agus le finnéithe, ag cur daoine ar a suaimhneas agus ag cothú muiníne. Ina theannta sin, beidh tú in ann dea-chaidreamh agus muinín a chothú sa phobal.
Tabharfaidh an oiliúint na scileanna duit a bheidh ag teastáil uait chun na feidhmeanna agus na tascanna atá riachtanach i réimse na póilíneachta a chomhlíonadh i sochaí ina bhfuil an éagsúlacht chun tosaigh. Is gairm as a bhfuil sásamh le baint aisti féin í an phóilíneacht, ach gheobhaidh tú tuarastal iomaíoch agus liúntais mhealltacha chomh maith.
Chun áit a bhaint amach mar oiliúnaí, áfach, ní mór duit tabhairt faoi phróiseas roghnaithe mionchúiseach, a dheartar chun a fháil amach an bhfuil na tréithe atá ag teastáil chun a bheith mar bhall den Gharda Síochána agat.
Mar chuid den fheachtas seo, beidh deis ag iarrthóirí a bhfuil ceol acu spéis a léiriú triail a dhéanamh do Bhanna an Gharda Síochána amach anseo, tar éis dóibh an oiliúint agus an tréimhse phromhaidh a chomhlíonadh.
I ndiaidh na hoiliúna, tabharfaidh an ghairm deiseanna duit obair a dhéanamh i réimsí éagsúla, lena n-áirítear: Póilíneacht Phobail, Smacht agus Rialú Tráchta, Ord Poiblí, Dualgais mar Bhleachtaire, Coiriúlacht Eagraithe a fhiosrú, Ciontaí Calaoise agus Drugaí.
Tá an Garda Síochána tiomanta seirbhís phóilíneachta a thugann léargas ar phobail éagsúla na hÉireann a chruthú. Mar fhostóir comhdheiseanna, cuireann an Garda Síochána fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach carn de shochaí na hÉireann.
Is eagraíocht atá dírithe ar an bpobal é an Garda Síochána atá freagrach as seirbhísí póilíneachta a chur ar fáil agus as slándáil an Stáit a chosaint, agus spreagann an gá atá ann seirbhísí freagrúla, éifeachtacha agus éifeachtúla a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais ár bpobal an obair a dhéanann muid.
Tá os cionn 18,000 fostaí ann, baill den Gharda Síochána, baill foirne Shibhialta agus baill de Chúltaca an Gharda Síochána san áireamh, atá tiomanta seirbhís éifeachtach phóilíneachta agus slándála a chur ar fáil. Creideann muid nach mór muinín, tacaíocht agus comhoibriú na bpobal áitiúil a chinntiú, agus teagmháil a dhéanamh leis na pobail seo chun póilíneacht éifeachtach agus éifeachtúil a chinntiú. Chun a chinntiú go ndéanann muid amhlaidh, tá trí Phrionsabal Póilíneachta mar bhonn taca faoin obair a dhéanann gach ball den Gharda Síochána, a leagann amach an chaoi ar chóir seirbhísí póilíneachta a chur ar fáil:
Ag Coinneáil Daoine Sábháilte - Keeping People Safe
Molann muid duit d’fhoirm iarratais a chomhlíonadh trí publicjobs.ie/GA
Mar aon leis an gcomórtas seo, tá Comórtas Ginearálta do Ghardaí faoi Oiliúint agus comórtas do Bhaill Incháilithe de Chúltaca an Gharda Síochána á reáchtáil ag an am céanna. Ní féidir le hiarrthóirí na trialacha roghnaithe srl. a dhéanamh ach uair amháin, fiú má tá siad ag cur isteach ar níos mó ná comórtas amháin.
Is cuma cén comórtas a ndearna tú iarratas air, ní féidir leat na trialacha a dhéantar ag Céim 1 den phróiseas roghnaithe a dhéanamh ach uair amháin don ról mar Gharda faoi Oiliúint. Beidh na marcanna a bhaineann tú amach i bhfeidhm i ngach comórtas ar chuir tú isteach air.
Is faoin iarrthóir féin atá sé an comórtas ceart/na comórtais chearta a roghnú. Ní féidir le hiarrthóir ach iarratas amháin a chur isteach do gach comórtas.
Féach ar Leabhrán Eolais an Chomórtais chun tuilleadh sonraí a fháil.
This vacancy is closed to applications.